Cé a cháilíonn do Tharscaoileadh?
Breac-chuntas chomh maith ar na critéir cháilitheacha chun tarscaoileadh a fháil
Tugtar breac-chuntas i dTábla 3 in Aguisín 5 (pdf 15kb) den Tuarascáil ar an gcóras bailithe dramhaíola atá i bhfeidhm sna húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu agus tugtar breac-chuntas chomh maith ar na critéir cháilitheacha chun tarscaoileadh a fháil ar mhuirir dhramhaíola.
Critéir
Ní ionann na critéir a bhíonn in úsáid ag aon dá údarás áitiúil chun na teaghlaigh a cháileoidh do tharscaoileadh a chinneadh. Is é ioncam iomlán an teaghlaigh an critéar is comónta a úsáidtear. Leagann údaráis áitiúla aonair leibhéil éagsúla de theorainneacha ioncaim a bhunaítear a bheag nó a mhór ar na rátaí íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Tairgeann formhór na n-údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu tarscaoileadh beag beann ar fhoinse an ioncaim theaghlaigh ó tharla go n-aithníonn siad go mbíonn ioncam roinnt daoine atá fostaithe chomh híseal sin is nach féidir leo na muirir dhramhaíola a íoc. Is ar an mbonn iad a bheith díolmhaithe ó cháin a dheonaíonn trí údarás áitiúla tarscaoileadh do theaghlaigh agus ní thairgeann údarás áitiúil amháin tarscaoileadh ach do theaghlaigh gur íocaíochtaí leasa shóisialaigh, a bhíonn tástáilte ó thaobh acmhainní de, an t-aon fhoinse ioncaim a bhíonn acu. Ní dheonaíonn údarás áitiúil amháin tarscaoileadh ach do dhuine nó do chúpla atá 65 bliain d’aois agus níos sine a bhíonn ag maireachtáil ina aonar, nó ina haonar nó ina n-aonar. (Féach ar Aguisín 5)
Discréid a úsáid
De na 16 údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu a sholáthair scéim um tharscaoileadh dá gcustaiméirí sa bhliain 2006 déanann 15 acu foráil do dhiscréid a úsáid i gcásanna cruatain ar bhonn measúnú ad hoc. Feidhmíonn údarás áitiúil amháin, áfach, (Comhairle Contae Phort Láirge) taobh istigh de na critéir cháilitheacha daingne a leagtar amach ina scéim i.e. teaghlaigh a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh a thástáiltear ó thaobh acmhainní agus luaitear go sonrach sa scéim nach gcáileoidh iarratasóir ar bith nach dtagann faoi na catagóirí ioncaim a liostaítear.