Baile  /  Foilseacháin  /  Treoirlínte do chomhlachtaí poiblí
 

Treoirlínte do chomhlachtaí poiblí

Bíonn an tOmbudsman ag glacadh leis go bhfuil gnáthamh láimhseála gearán forbartha ag comhlachtaí poiblí – gnáthamh a chinntíonn go ndéantar aon lochtanna nó easnaimh a shainaithint, go ngníomhóidh an comhlacht poiblí go gasta chun earráid a chur ina ceart agus go nglacfaidh an comhlacht poiblí sin pé beart is gá lena chinntiú nach dtarlóidh sin arís.

Foilsíonn an tOmbudsman treoirlínte le haghaidh comhlachtaí poiblí d’fhonn tacú leo i soláthar a seirbhísí.

Treoir an Ombudsman do sholáthar cúitimh

I gcás go ndearna comhlacht poiblí éagóir ar dhuine, ba chóir go gcuirfeadh an comhlacht poiblí sin cúiteamh iomchuí ar fáil. Sa bhileog eolais seo tá moltaí leathana maidir le soláthar cúitimh chun cuidiú le fostaithe na seirbhíse poiblí cur chuige comhleanúnach a fhorbairt maidir le réiteach a sholáthar.

Treoir an Ombudsman i leith na gCóras Inmheánach Gearán

Tá roinnt mhaith gearán ar chóir do na comhlachtaí poiblí féin iad a réiteach go héasca, gasta ag céim luath. D’fhéadfaí líon na ngearán neamhchasta a fhaigheann an Oifig a laghdú i gcás go mbeadh córais chreidiúnacha inmheánacha láimhseála gearán ar bun ag na comhlachtaí poiblí.  

Treoir an Ombudsman maidir le Caighdeáin an Chleachtais is Fearr d’Fhostaithe na Seirbhíse Poiblí

D’fhoilsigh an tOmbudsman an Treoir seo ar dtús le Tuarascáil Bhliantúil na bliana 1996, agus foilsíodh leagan nuashonraithe mar fhorábhar le Tuarascáil Bhliantúil 2002.

Déan i gCeart É - Sé Riail - Treoir ón Ombudsman maidir le Riarachán Poiblí Maith

Is é cuspóir na treorach seo ná cabhrú le comhlachtaí poiblí seirbhís phoiblí den chéad scoth a sholáthar dá gcustaiméirí. Baineann an treoir leas as taithí na h'Oifige seo a bheith ag iniúchadh gearán in aghaidh na seirbhíse poiblí agus leagann sé béim ar na príomhghnéithe a bhaineann le riarachán poiblí maith.