Riail 4 - Gníomhú go coir agus go coibhneasach
(i) Déileáil le daoine ar bhealach neamhchlaonta, le meas agus cúirtéis
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- déileáil le daoine ar bhealach cóir, le meas
- bheith ullamh éisteacht lena gcustaiméirí
- iompar cosantach a sheachaint nuair a dhéantar botún
- éagsúlacht na gcustaiméirí a thuiscint agus meas a bheith acu ar an éagsúlacht chéanna
- a chinntiú go mbíonn an teacht céanna ag daoine ar sheirbhísí agus go ndéileáiltear leo ar bhealach comhionann, gan aird ar a gcúlraí nó a gcúinsí
(ii) Aon idirdhealú nó claontacht éagórach a sheachaint, agus a chinntiú nach mbíonn aon choimhlint leasa ann
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- a chinntiú go bhfuil aon ghníomh nó cinneadh saor ó aon chlaonadh nó leas pearsanta a d’fhéadfadh bheith ina ndochar do na gníomhaíochtaí nó cinntí céanna
- aon choimhlint leasa a chur in iúl
- gan iad féin a iompar ar bhealach a dhéanfadh idirdhealú mídhleathach nó a bheadh i bhfabhar daoine nó leasa áirithe ar bhealach neamhdhleathach
(iii) Déileáil le daoine agus mórcheisteanna ar bhealach oibiachtúil, comhsheasmhach.
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- déileáil go cóir agus go comhsheasmhach le daoine, chun go ndéileálfar le daoine atá i gcúinsí comhchosúla ar bhealach cosúil
- míniú a thabhairt ar aon difríocht a bheadh ann ó thaobh láimhseáil cáis de bunaithe ar chúinsí ar leith an cháis
(iv) A chinntiú go bhfuil cinntí agus gníomhaíochtaí comhréireach, cuí agus cothrom
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- iad féin a iompar go réasúnta nuair atá cinntí á ndéanamh, go háirithe nuair atá pionóis á ngearradh
- a chinntiú go bhfuil na bearta a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis na cuspóirí is bunús leo, oiriúnach do na cúinsí agus cóir do na daoine lena mbaineann
- pionóis a sheachaint nach mbeadh comhréireach lena bhfuil cuí chun comhlíonadh na rialacha a chinntiú.
(v) A chinntiú go gcuirtear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach cothromasach
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- glacadh leis nár chóir na rialacha agus rialacháin, cé go bhfuil tábhacht ag baint leo ó thaobh cothroime a chinntiú, a chur i bhfeidhm ar shlí chomh righin sin go gcruthaíonn siad éagothroime
- aghaidh a thabhairt ar aon éagóir a tharlódh dá gcuirfí (a) an dlí, (b) na rialacháin nó (c) na gnáis i bhfeidhm ar shlí a chruthódh toradh éagórach don duine lena mbaineann.
- cosaint cheart na gcistí poiblí a chur san áireamh
- a chinntiú nach sáraíonn siad a gcumhachtaí dlí