Baile  /  Eolas Fúinn  /  An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015
 

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015

Is é is aidhm don Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi cé a bhfuil brústocaireacht á déanamh air agus faoi cad a bhfuil brústocaireacht á dhéanamh ina thaobh. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.lobbying.ie.

Ceanglaítear le hAlt 6(4) den Acht ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí shainithe an chomhlachta a fhoilsiú.  Is é seo a leanas cuspóir an liosta sin:

  • daoine den phobal a chumasú daoine ar oifigigh phoiblí shainithe iad a shainaithint
  • an liosta a úsáid mar acmhainn do bhrústocairí ar gá dóibh teacht ar shonraí oifigigh phoiblí shainithe agus tuairisceán don Chlár á chomhdú.


Is í Jacqui McCrum Uas., Ard-Stiúrthóir, an tOifigeach Poiblí Sainithe in Oifig an Ombudsman.

Imríonn an tArd-Stiúrthóir ról ceannasach san Oifig a riar agus a fhorbairt. Is ise Oifigeach Cuntasaíochta na heagraíochta freisin. Tá sí freagrach as bainistiú laethúil na heagraíochta agus cabhraíonn sí leis an Ombudsman agus leis an gCoimisinéir Faisnéise, agus cuireann sí comhairle orthu, maidir le treo beartais straitéisigh na heagraíochta a leagan amach agus a chur chun feidhme.