Baile  /  Eolas Fúinn  /  Reachtaíocht  /  An tAcht Míchumais
 

An tAcht Míchumais

Cuireann an tAcht Míchumais, 2005, a tháinig i bhfeidhm sa dlí ar an 8 Iúil, 2005, oibleagáidí suntasacha ar Ranna Rialtais agus ar chomhlachtaí Poiblí oibriú go réamhghníomhach d’fhonn feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála dhaoine faoi mhíchumas. Chomh maith leis sin tugann sé cumachtaí nua don Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le comhlachtaí poiblí a bheith géilliúil do Chuid 3 den Acht. Go sonrach, is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le cinntiúcháin oifigeach fiosraithe agus cinnte na n-oifigeach gearán maidir le pleananna earnálacha.

Déileálann Cuid 3 den Acht Míchumais, 2005 leo seo a leanas:-

Rochtain ar Fhoirgnimh Phoiblí (Alt 25)

Rochtain ar Sheirbhísí (Alt 26)

Rochtain ar Sheirbhísí a Sholáthraítear do Chomhlacht Poiblí (Alt 27)

Rochtain ar Eolas (Alt 28)

Rochtain ar Shuímh Oidhreachta (Alt 29)

Pleananna Earnálacha (Alt 31)

Rochtain ar Fhoirgnimh Phoiblí (Alt 25)

Ciallaíonn "foirgneamh poiblí" foirgneamh, nó cuid d’fhoirgneamh, a mbíonn rochtain ag an bpobal de ghnáth air agus atá i seilbh, faoi bhainistíocht nó faoi rialú comhlachta poiblí.

Éilíonn alt seo an Achta go gcinnteodh comhlachtaí poiblí go bhfuil a bhfoirgnimh phoiblí, "chomh fada agus is féidir é", inrochtain ag dhaoine atá faoi mhíchumas. Ceadaíonn an tAcht don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí iarraidh ar an Údarás Náisiúnta Míchumais dréachtchód cleachtais a ullmhú agus a chur faoina bhráid maidir le rochtain dhaoine faoi mhíchumas ar fhoirgnimh phoiblí. Má cheadaíonn an tAire a leithéid de chód cleachtais, ansin beidh ar chomhlachtaí poiblí "… cloí leis chomh fada agus atá sé praiticiúil agus ceann á thógáil dá acmhainní agus dá oibleagáidí …". Ach go háirithe, beidh ar chomhlachtaí poiblí cloí leis an gcód cleachtais ag am na tógála, athraithe ábhartha nó forleithnithe ar fhoirgneamh poiblí nó nuair a bheadh sé éifeachtúil ó thaobh costais, le rochtain a thabhairt do líon níos mó daoine. .

Caithfidh foirgnimh ar fhoirgnimh phoiblí iad ar an dáta a tháinig alt 25 den Acht Míchumais i bhfeidhm (.i. 31 Nollaig, 2005) nó ar déanadh foirgnimh phoiblí díobh i ndiaidh an dáta sin, teacht le Cuid M de Rialacháin Tógála 1997 (mar a leasaíodh) faoin 31 Nollaig 2015. Ina theannta sin, má bhíonn aon leasuithe eile ar Chuid M de Rialacháin Tógála 1997, beidh ar chomhlachtaí poiblí a gcuid foirgneamh poiblí a thabhairt faoi réir Chuid M leasaithe laistigh de 10 mbliana tar éis don leasú tosú.

Is féidir le hAire ordú a dhéanamh ag sonrú foirgnimh, nó foirgneamh, nach mbaineann na riachtanais san alt roimhe seo leo má bhíonn sé nó sí sásta -

  1. go bhfuil an foirgneamh á úsáid go sealadach mar fhoirgneamh poiblí agus go n-éireofar as an úsáid sin tar éis 3 bliana ón dáta a déanadh an t-ordú
  2. nach n-úsáidfear an foirgneamh mar fhoirgneamh poiblí tar éis trí bliana ón dáta a dhéantar an t-ordú, nó
  3. nach bhféadfaí cosaint a dhéanamh ar an bhfoirgneamh a dhéanamh inrochtain do dhaoine faoi mhíchumas, ar bhonn costais, ag tógáil ceann den úsáid a bhainfear as an bhfoirgneamh.

Sula ndéantar a leithéid d’ordú beidh ar an Aire atá i gceist dul i gcomhairle le "pé Airí nó daoine eile a cheapann sé nó sí a bheith cuí"

Rochtain ar Sheirbhísí (Alt 26)

Ciallaíonn "seirbhís" seirbhís nó áis de chineál ar bith a sholáthraíonn comhlacht poiblí agus atá ar fáil nó a bhfuil teacht ag an bpobal air go ginearálta nó ag cuid den phobal agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil thuasluaite, cuimsítear -

  1. úsáid áite nó áise atá i seilbh, faoi bhainistíocht nó faoi rialú comhlachta poiblí
  2. soláthar eolais nó acmhainne eolais nó scéime nó liúntais nó leasa eile atá faoi réir ag comhlacht poiblí
  3. aon seirbhís chultúrtha nó oidhreachta a sholáthraíonn a leithéid de chomhlacht, agus
  4. aon seirbhís a sholáthraíonn cúirt nó binse eile


Éilíonn an t-alt seo den Acht, le héifeacht ón 31 Nollaig, 2005, mar a soláthraíonn comhlacht poiblí seirbhís go ndéanfaidh sé -

(a) a chinntiú "nuair is praiticiúil agus cuí ", go mbíonn soláthar rochtana ar sheirbhís do dhaoine faoi mhíchumas comhtháite ann,

(b) cabhair a sholáthar "nuair is praiticiúil agus cuí", má iarrtar é, do dhaoine faoi mhíchumas le rochtain a bheith acu ar na seirbhísí má bhítear sásta go bhfuil seo riachtanach chun géilleadh do (a) thuas, agus

(c) a chinntiú "nuair is cuí", go mbíonn teacht ar dhaoine leis an saineolas agus na scileanna cuí chun comhairle a chur ar an gcomhlacht maidir le conas ab fhéidir a chinntiú go mbíonn a chuid seirbhísí inrochtain do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Éilíonn an tAcht freisin go dtabharfadh comhlachtaí poiblí údarás do bhall amháin ar a laghad dá bhfoireann soláthar nó socrú agus comhordú a dhéanamh ar chabhair do dhaoine faoi mhíchumas chun go mbeadh rochtain acu ar a chuid seirbhísí. Tabharfar Oifigigh Rochtana ar na daoine a mbeidh an t-údarás seo acu.

Rochtain ar Sheirbhísí a Sholáthraítear do Chomhlacht Poiblí (Alt 27)

San alt seo den Acht, ciallaíonn "soláthar seirbhísí" soláthar earraí chomh maith.

Éilíonn an t-alt seo den Acht, le héifeacht ón 31 Nollaig, 2005, mar a soláthraíonn comhlacht phoiblí seirbhís, go ndéanfaidh sé deimhin de go mbíonn rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar an seirbhís (ar na seirbhísí a sholáthraítear do chomhlacht phoiblí is féidir go n-áireofaí, mar shampla, scéim a bhíonn á riar, faoi chonradh, thar ceann comhlachta poiblí ag gníomhaireacht eile nó comhlacht príobháideach.

Deirtear san Acht nach mbeidh a bhfuil thuasluaite i gceist mura mbeadh an soláthar rochtana ag daoine faoi mhíchumas ar aon seirbhís a sholáthraítear do chomhlacht phoiblí-

  1. praiticiúil
  2. inchosanta maidir leis an gcostas a bhainfeadh leis, nó
  3. a chuirfeadh moill mhíréasúnta ar earraí agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine eile

Rochtain ar Eolas (Alt 28)

Éilíonn an t-alt seo go mbeadh socruithe déanta ag comhlachtaí poiblí "chomh fada agus is praiticiúil é" chun eolas a chur ar fáil i bhformáid Braille, comharthaí, béil etc., i gcás go n-iarrann duine a bfhuil laige cainte nó radhairc air/uirthi a leithéid. Éilíonn an t-alt seo freisin go gcuirfeadh comhlachtaí a dhéanann, mar shampla, teagmháil trí r-phost nó a fhoilsíonn eolas ar an ngréasán, a chinntiú, "chomh fada agus is praiticiúil é", go dtraiseoltar nó go bhfoilsítear a leithéid d’eolas i bhformáid a thagann leis na teicneolaíochtaí oiriúnaitheacha a úsáideann daoine a mbíonn laige radhairc orthu. Éilíonn sé freisin go gcinnteodh comhlachtaí poiblí, "chomh fada agus is praiticiúil é", maidir le heolas a fhoilsítear, ina bhfuil eolas a bhaineann le daoine atá faoi mhíchumas intleachta, go mbíonn an teanga ann soiléir agus é intuigthe go soiléir gan dua ag a leithéid de dhaoine.

Rochtain ar Shuímh Oidhreachta (Alt 29)

San alt seo den Acht, cuimsíonn "suíomh oidhreachta" -

  1. séadchomhartha faoi bhrí Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004,
  2. foirgneamh oidhreachta nó gairdín oidhreachta nó páirc faoi bhrí an Achta Oidhreachta 1995,
  3. struchtúr cosanta nó struchtúr atá molta chun cosanta, le haon fhearann a ghabhann leo, nó ceantar caomhnaithe ailtireachta , faoi bhrí an Achta Pleanála agus Forbartha 2000 i ngach cás,
  4. tearmann dúlra atá faoi réir ag ordú bhunaithe faoi bhrí Achtanna Fiadhúlra 1976 agus 2000, agus
  5. páirc náisiúnta ar leis an Stát agus í faoi bhainistíocht agus faoi rialú an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.


Éilítear san alt seo, le héifeacht ón 31 Nollaig 2007, go gcinnteoidh comhlachtaí poiblí "chomh fada agus is praiticiúil é", go mbíonn cuid de shuíomh oidhreachta nó é go léir, ar leis é, atá á bhainistiú nó á rialú aige agus a bhfuil rochtain ag an bpobal air, inrochtain do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Deirtear san Acht freisin nach mbeidh a bhfuil thuasluaite i gceist dá ndéanfadh a chur i bhfeidhm-

  • drochthionchar suntasach a bheith aige ar stádas caomhnaithe speicis nó gnáthóige nó ar iomláine suímh oidhreachta, nó
  • cur isteach ar shaintréithe an tsuímh.


Deirtear freisin san Acht nach dtuigfear as aon ní atá in Alt 29 go dtugann sé údarás ná go n-éilíonn sé go ndéanfaí oiriúnú ná athrú in aghaidh na dlí ar aon suíomh oidhreachta.

Pleananna Earnálacha (Alt 31)

Éilíonn an tAcht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh agus go bhfoilseodh na sé Aire Rialtais atá liostáilte thíos pleananna earnálacha ag tabhairt imlíne ar chlár na gcéimeanna atá molta maidir le soláthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ag an Aire nó ag comhlachtaí poiblí nó ag duine eile a bhfeidhmíonn an tAire ar a shon nó ar a ndáileann sé/sí airgead. Sula bhfoilsítear a leithéid de phlean ní mór don Aire dul i gcomhairle lena leithéid de dhaoine ar ionadaithe iad ar dhaoine faoi mhíchumas a cheapann sé nó sí a bheith cuí.

I dteannta na riachtanas eolais atá sainithe faoi Altanna 32 go 37, caithfear iad seo a leanas a bheith i ngach plean earnálach-

  1. eolas cuí maidir le cóid chleachtais (más ann dóibh) agus rialacháin (más ann dóibh) a bhaineann le hábhar an phlean,
  2. an nós imeachta gearán le soláthar ag comhlacht phoiblí nó ag daoine eile maidir le haon cheist a bhaineann leis an bplean
  3. gnásanna imeachta monatóireachta agus athbhreithnithe maidir le hábhar an phlean
  4. ráiteas ar na tréimhsí ag a n-ullmhófar tuarascálacha maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur i bhfeidhm an phlean, gur tréimhsí nach mó ná 3 bliana iad ó dháta foilsithe an phlean
  5. "más cuí", leibhéal na rochtana a bhaineann leis na seirbhísí atá sonraithe sa phlean agus
  6. aon cheist eile a cheapann an tAire atá i gceist a bheith cuí.

Pleananna Earnálacha (Alt 31)

Éilíonn an tAcht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh agus go bhfoilseodh na sé Aire Rialtais atá liostáilte thíos pleananna earnálacha ag tabhairt imlíne ar chlár na gcéimeanna atá molta maidir le soláthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ag an Aire nó ag comhlachtaí poiblí nó ag duine eile a bhfeidhmíonn an tAire ar a shon nó ar a ndáileann sé/sí airgead. Sula bhfoilsítear a leithéid de phlean ní mór don Aire dul i gcomhairle lena leithéid de dhaoine ar ionadaithe iad ar dhaoine faoi mhíchumas a cheapann sé nó sí a bheith cuí.

  • Plean Earnálach an Aire Sláinte agus Leanaí (Alt 32)
  • Plean Earnálach an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh(Alt 33)
  • Plean Earnálach an Aire Iompair (Alt 34)
  • Plean Earnálacha an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (Alt 35)
  • Plean Earnálach an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (Alt 36)
  • Plean Earnálach an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta(Alt 37)

 

Nasc is ea é seo chuig na Pleananna Earnálacha